Irish Verses

Standard Irish Verses

Verse Code: G1

A Mhuire na nGrás,
a Mháthair Mhic Dé,
Go gcuire tú ar mo leas mé.
Go sábhála tú mé ar gach uile olc;
Go sábhála tú mé idir anam agus corp;
Go sábhála tú mé ar mhuir ‘s ar tír;
Go sábhála tú mé ar leac na bpian.
Gárda na nAingeal os mo choinn,
Dia romham ‘s Dia liom.
Amen.

Verse Code: G2

A Íosa, a Mhuire ‘s a Iósaef,
bheirim suas daoibh mo chroí ‘s m’anam,

A Íosa, a Mhuire ‘s a Iósaef,
bígí taobh liom ar uair mo bháis,

A Íosa, a Mhuire ‘s a Iósaef,
go dté m’anam as an tsaoil seo i síocháin libh.

A Íosa, ró mhilis na bí mar bhreitheamh
orm ach bí mar chara liom.

Verse Code: G3

Cuimhnigh, a Mhaighdean Mhuire róghrámhar,
Nár chualathas trácht ar éinne riamh a chuir é féin
faoi do choimirce ná a d’iarr cabhair ort ná a
d’impigh d’idirghuí is gur theip tú air.
Lán de mhuinín asat, dá bhrí sin, rithimse chugat,
a Mhaighdean na maighdean is a Mháthair.
Is chugatsa a thagaim, is os do chomhair a sheasaim,
i mo pheacach bocht atuirseach.
Ó a Mháthair an AonMhic, ná diúltaigh do
m’urnaithe ach éist leo go trócaireach agus freagair iad.
Amen

Verse Code: G4

Ár nAthair,
atá ar neamh,
go naomhaítear d'ainm.
Go dtaga do ríocht.
Go ndéantar do thoil ar an talamh mar a dhéantar ar neamh.
Ár n-arán laethúil tabhair dúinn inniu
agus maith dúinn ar bhfiacha
mar a mhaithimidne dár bhfeichiúna féin;
agus ná lig sinn i gcathú,
ach saor sinn ó olc. Amen

Verse Code: G5

Suaimhneas síoraí tabhair dó (dí),
a Thiarna, agus go lonraí solas suthain air (uirthi).
Tabhair maithiúnas dár ndeartháir (ndeirfiúr)
agus tabhair ionad sosa faoi shíocháin dó (di).

Verse Code: G6

Solas Mhic Dé ar a n-anam.
Is méanar do lucht na trócaire,
óir déanfar trócaire orthu.
Blessed are the merciful,
for they will be shown mercy.

Short Irish Verses

Verse Code: G1A

Oíche mhaith agus codladh sámh.

Verse Code: G1B

Bí linn, a Thiarna. Áiméan

Verse Code: G1C

A Chroí Naofa Íosa, creidim I do ghrá domhsa. Áimeán.
Sacred Heart of Jesus, I believe in Your love for me. Amen.

Verse Code: G1D

Coimheádfaidh an Tiarna thú ag imeacht agus ag teacht duit anois agus choíche.
The Lord will watch over your coming and going both now and forevermore.

Verse Code: G1E

“Iarraigí, agus tabharfar daoibh.”
“Ask, and you will receive.”

Verse Code: G1F

Croí Íosa.
Gile mo chroí do Chroíse, a Shlánaitheoir,
is ciste mo chroí,
do chroíse a fháil im chomhair.

Verse Code: G1G

Go mbeannaí Muire
agus go mbeannaí Dia thú.
May Mary bless you
and may God bless you.

Verse Code: G1H

Coimirce an Athar,
Coimirce an Mhic,
Coimirce an Spioraid Naoimh,
do mo chumhdach. Áiméan

Verse Code: G1I

Ní théann na daoine is breá linn ar shiúl, siúlann siad in aice linn achann lá.

Verse Code: G1J

Go dtí go mbuailfimid le chéile arís,
go dtuga Dia greim ort i dtearmann a láimhe.

Verse Code: G1K

Fágann an bás crá croí nach féidir le duine ar bith leigheas,
fágann grá cuimhne nach féidir le duine ar bith é a ghoid.

Verse Code: G1L

Na ceachtanna cineáltas agus grá a mhúin tú dom mar bhronntanais bhuana a sheasfaidh, go dtí go rachaidh mé ar an gcladach síochánta sin agus go bhfeicfidh mé arís tú.

Verse Code: G1M

Ní chailltear an grá is measa atá againn, agus níor thaistil sé i bhfad, díreach tar éis céim taobh istigh den seomra is áille sa bhaile, agus d’fhág sé an doras ar oscailt.